Ár Scéal Féin

Tá lucht an Acadaimh ag siúl na Gaeltachta ó na 1970í i leith. Ó Chill Riabhaigh in Uíbh Ráthach go Machaire Rabhartaí i dTír Chonaill. Ó Bhun Gabhla go Rath Cairn. Ón mBlascaod Mór go dtí Sliabh gCua. Ó Cheathrú Thaidhg i Muigheo go Reilg Ghobnatan i Múscraí. Chonaic siad Bradley Mór ag damhsa ar chéibh an Spidéil. Shuigh siad ar an teallach le Tom Phaidí Mac Diarmada. Chuir siad caidéis ar an Direánach faoin saol i gCill Mhuirbhigh. Chaith siad airneán ar an gCnocán Glas. Thóg siad na seanamhráin ó na fonnadóirí in Iorras Aithneach. Chuaigh siad go Hallaig ar oileán iargúlta Ratharsair san áit arb as do shinsear Shomhairle Mhic Ghill-eain. Bhain siad Gaeilge as Leabhar na hUidhre, as Agallamh na Seanórach agus as Foras Feasa ar Éirinn, ach thóg siad oiread eile ó dhaoine a raibh Mac Rí in Éirinn cloiste acu ar an teallach, daoine a raibh amhráin le Raiftearaí agus le Thomáis Láidir Uí Choisdealbha acu óna muintir. Is saibhir an traidisiún a bhí sa nGaeltacht. Mhair sé go dtí ár linn féin. Is mian linne ár gcion a dhéanamh le lúb eile a chur ann sna blianta atá romhainn amach.